Gairm an Aistriúcháin
An dalta sa 5ú nó sa 6ú bliain thú agus spéis agat eolas a fháil ar ghairm an aistritheora, go háirithe san Aontas Eorpach?
An múinteoir gairmthreorach nó Gaeilge thú a bhfuil daltaí agat a bhfuil luí acu leis an aistriúchán?
Más ea, seans go mbeadh spéis agat san imeacht seo a leanas:
Ceardlann maidine do dhaltaí meánscoile
i gcomhar leis an Ionad Barr Feabhais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Ollscoil Mhá Nuad
DÁTA: 13 Feabhra 2025
SUÍOMH: Ar líne (Ollscoil Mhá Nuad á óstáil)
CLÁR
09.30 Fáilte agus cur i láthair na gcainteoirí
09.45 Ceisteanna ó na físeáin (féach thíos)
10.00 Taispeántas aistriúcháin
Aistriú ar roinnt abairtí – úsáid á baint as uirlisí agus foinsí mar aon le tráchtaireacht ar an bpróiseas
sos
10.50 Roinntear na daltaí ina 4 ghrúpa, 12 daltaí i ngach grúpa
11.00 Ceardlann Aistriúcháin
Oibreoidh aistritheoirí ón gCoimisiún Eorpach leis na daltaí ar dhoiciméad nó alt gairid; pléifidh siad na príomhdhúshláin a bhaineann leis agus an chaoi a dtéann aistritheoirí i ngleic lena leithéid mar chuid dá n-obair laethúil.
12.00 Críoch
Físeáin
Cuirfear na físeáin eolais seo a leanas ar fáil roimh lá na ceardlainne:
- Aistritheoirí san AE – cé hiad agus cad a dhéanann siad?
- Úsáid an mheaisínaistriúcháin in institiúidí an AE
- Staidéir aistriúcháin ag an tríú leibhéal