Aistriúchán
Ta gairm an aistritheora gairmiúla le Gaeilge ag borradh go seasta ó thus na 2000idí agus tháinig méadú as cuimse uirthi ach ar achtaíodh Achtanna na dTeangacha Oifigula (2003 agus 2021) agus ar thainig deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach an 1 Eanair 2022. Ta deiseanna fostaíochta ann, da réir, d’aisritheoirí le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, le Rannóg an Aistriúcháin, le comhlachtai aistriuchain agus do shaoraistritheoirí. An té ar mian leis nó léi dul le gairm an aistriúcháin, moltar dó nó di:
- bunchéim san aistriúchán Gaeilge, nó bunchéim sa Ghaeilge agus/nó i dteangacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus
- cáilíocht iarchéime san aistriúchán Gaeilge a dhéanamh
B’fhiú cuimhneamh ar intéirneacht a dhéanamh mar chuid de chúrsa léinn nó faoi Scéim lntéirneachta An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
Ateangaireacht
Ta poist mhaithe ateangaireachta le fáil ar fud an domhain: éilitear seirbhísí ateangaireachta ag comhdhálacha, tionóil, cruinnithe, coistí agus féilte. Ta céimithe ateangaireachta ag obair in institiúidí an Aontais, sna Náisiúin Aontaithe, i dTithe an Oireachtais chomh maith le hinstitiúidí móra agus Rialtais eile go hidirnáisiúnta. ls ga go mbíonn iarchéim san ateangaireacht ag duine le tabhairt faoi na scréduithe ateangaireachta idirnáisiúnta. Níl ach aon iarchéim amháin le hAteangaireacht in Éirinn – in Ollscoil na Gaillimhe. Moltar go mbeadh ceim onóracha 2.2 in ábhar teangabhunaithe ag iarrthóirí, chomh maith le:
- sarchumas labhartha ina máthairtheanga;
- sarchumas tuisceana ina dteangacha oibre;
- sarscileanna cumarsaide
- spreagadh láidir
Dlí-theangeolaíocht
Bíonn dlítheangeolaithe ag obair san Aontas Eorpach go príomha, i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ach sa Chomhairle, sa Pharlaimint agus sa Choimisiún ansin freisin. Chun bheith i do dhlítheangeolaí, ní mór céim iomlán sa dlí a bhaint amach, nó cáilíocht mar aturnae nó abhcóide in Éirinn. Tabhair faoi deara go bhfuil cumas sa Fhraincis ag teastáil má tá céimí dlí ag iarraidh a bheith ag obair sa Chúirt Bhreithiúnais. Ní theastaíonn cáilíocht sa ar leith sa teanga sin ach bíonn scrúdú aistriúcháin i gceist. Bíonn tréimhsí oiliúna ar fáil gach bliain freisin agus is deis mhaith iad na tréimhsí sin chun blas a fháil ar an obair a dhéanann an dlítheangeolaí thall.