An tIonad Barr Feabhais

Bunaíodh an tIonad Barr Feabhais sa bhliain 2008 ina Ionad Barr Feabhais i gcomhair Gairmeacha san Aontas Eorpach chun comhordú a dhéanamh ar chúrsaí céime agus iarchéime a chuirfeadh céimithe ar fáil i réimsí an Aistriúcháin, na hAteangaireachta agus na Dlí-theangeolaíochta d’fhonn poist a líonadh, go príomha, in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Comhordaíonn an tIonad Barr Feabhais intéirneachtaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh, freisin, agus scaipeann sé eolas ar chúrsaí, ar dheiseanna intéirneachta agus ar dheiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach, go príomha, ach in Éirinn chomh maith.

An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a mhaoiníonn an tIonad, arb é atá ann Coiste Stiúrtha, ar a bhfuil ionadaíocht ag institiúidí oideachais agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, mar aon le feidhm rúnaíochta atá lonnaithe in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair.

Tá sé i gceist cúram agus scóip an Ionaid a leathnú amach anseo d’fhonn réimsí, earnálacha agus cúrsaí eile a chur san áireamh.